Beidh an file mór le rá Ciara Ní É linn le haghaidh sheisiún scríbhneoireachta na míosa seo. Is file, dramadóir agus craoltóir í Ciara Ní É. Tá a cuid filíochta léite aici i Nua-Eabhrac, i bPáras, i Londain, sa Bhruiséil, sa tSualainn, agus sa bhaile in Éirinn. Is í a bhunaigh REIC, oíche dhátheangach filíochta, agus is comhbhunaitheoir de chuid AerachAiteachGaelach í freisin.
Seisiún míosúil is ea é seo a bheidh ar siúl ar an dara Céadaoin de gach mí. Beidh aoi-áisitheoirí chugainn i gcuid de na seisiúin. Sna seisiúin seo, tiocfaidh scríbhneoirí Gaeilge le chéile le dul i mbun pinn ar a gcuid tionscadal féin nó i dtionscadail chomhpháirteacha le scríbhneoirí eile. Sa seisiún seo le Ciara, cuirfear béim ar cheird agus ar chleachtadh na filíochta.
Is faoi choimirce AerachAiteachGaelach atá an tsraith seo seisiún á reachtáil. Beidh tús áite ag baill AAG ach tá fáilte roimh aon scríbhneoir le Gaeilge agus ní gá go mbeadh duine LADTAIÉ+ le bheith linn.
Tá Foras na Gaeilge ag tacú leis an tsraith seo trí Scéim na Litríochta, rud a fhágann gur féidir linn na ticéid a chur ar fáil saor in aisce. Ina dhiaidh sin féin, más maith leat tacú le gníomhaíochtaí eile de chuid an ghrúpa, chuirfimis an-fháilte roimh shíntiúis. Úsáidfear an t-airgead sin chun ceardlanna, drámaí agus imeachtaí a reáchtáil don phobal.
Is é Stiofán Ó Briain Comhordaitheoir Ceardlann AerachAiteachGaelach.