Bígí linn le céimeanna an rince seit a fhoghlaim ó Patricia Ní Bhroin!
Tá muid an-bhuíoch d'Fhoras na Gaeilge as a halla a chur ar fáil don seisiún.
Ná bí buartha ar chor ar bith mura bhfuil aon chleachtadh agat ar an rince seit cheana: léireofar gach rud ón tús agus rachfar trí na céimeanna diaidh ar ndiaidh. Is múinteoir den scoth í Patricia agus tá sí tar éis ceardlann a dhearadh atá feiliúnach don phobal uile, an pobal LADTAIÉ+ san áireamh. Beidh craic den scoth againn!
Beidh muid ag cur allais mar sin beir leat:
- buidéal uisce
- t-léine sa mbreis
Tá fáilte roimh chách: aiteach nó díreach; mná, fir agus daoine neamhdhénártha!