Ceardlann Scríbhneoireachta Ghaeilge
Ní gá go mbeadh saothar foilsithe ag na rannpháirtithe, ach beidh Gaeilge labhartha agus scríofa de chaighdeán réasúnta ard ag teastáil le páirt a ghlacadh sa díospóireacht.
Léifidh na scríbhneoirí giotaí samplacha dá saothair (gearrscéal, sliocht as úrscéal nó dráma, cúpla splancscéal nó eile) ar feadh 10-15 nóiméad agus pléifear an saothar lena gcomhscríbhneoirí ar feadh 15 nóiméad eile nó mar sin. Ar mhaithe le plé ceart a dhéanamh ar gach saothar, ba cheart líon na bhfocal a choimeád faoi bhun 2,000 focal, cé nach bhfuil sé riachtanach.
Is cóir na saothair atá le plé a sheoladh ar ríomhphost chuig colmoceall@yahoo.com ar a laghad dhá sheachtain roimh ré, i dtreo gur féidir na saothair a chur thart ar na rannpháirtithe, iad a bheith léite roimh ré acu, agus níos mó ama a bheith ar fáil le linn na ceardlainne chun tuairimí a mhalartú ina dtaobh. Ba chóir do gach éinne cóip de gach saothar eile a bhreith leo ar an lá, nó a bheith in ann teacht orthu go leictreonach.
Pléifear na saothair i gcomhluadar cáirdiuil a thabharfaidh deis do gach éinne aiseolas dearfach a thabhairt is a fháil ar saothar a chéile.
Workshop leader
Tá Colm Ó Ceallacháin ina chónaí i gCorcaigh. Foilsíodh a chéad chnuasach gearrscéalta, I dTír Mhilis na mBeo, in 2017, cnuasach a bhain an chéad duais amach i gcomórtas liteartha Oireachtas na Gaeilge na bliana sin do shaothar próis, agus ina theannta san ainmníodh é ar an ngearrliosta do Leabhar Gaeilge na Bliana.
Tá roinnt duaiseanna eile buaite aige ag Oireachtas na Gaeilge, agus tá sparánachtaí liteartha éagsúla bronnta ag an gComhairle Ealaíon air i gcaitheamh na mblian. Bíonn a shaothar le feiscint i gComhar, Feasta, Aneas, aiteann, agus Southword, agus i nduanairí ar nós Díolaim.
Costas €80 + Táille Eventbrite
Dé Sathairn 16 Samhain 10rn - 4in
Cuirfimid ríomhphost deimhniúcháin chughat nuair a bheidh d’áit ar an gcúrsa curtha in áirithe agat.
Cealúcháin/ Polasaí Aisíocaíochtaí
Tá tú i dteideal aisíocaíocht a fháil laistigh de sheachtain amháin ó d’íocaíocht, (lúide aon táillí Eventbrite) ar choinníoll nach bhfuil an cheardlann tosnaithe cheana féin.
Ní féidir linn táillí a aisíoc má bhíonn an cheardlann tosnaithe. Ní féidir linn líon áirithe de aisíocaíocht
a thairiscint do mhic léinn ná críochnaíonn an cheardlann.